EFDA

About EFDA

Organisation

JET Implementing Agreement

Participation of the Associations

Contacts in Associations

JET agus Éire

 

Glacann Éire páirt ghníomhach i dtaighde comhleá a dhéanamh ar an Joint European Torus (JET) i Culham, sa Ríocht Aontaithe. Déanann Comhlachas Euratom Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in éineacht lena gcomhpháirtithe ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain staidéar ar chomhleá mar fhoinse sábháilte, glan agus beagnach gan teorann do na glúine amach romhainn.

Tugann comhleá cumhacht don ghrian agus do na réalta. Chun fuinneamh comhleá a scaoileadh ar domhan, caithfear plasma (gás iomlán-ianaithe) a choinneáil i dteocht ard. Tá JET ar cheann de na turgnaimh ar domhan ina bhfuil fisiceoirí agus innealtóirí ag iarraidh plasma a tháirgeadh, a shrianadh agus a rangú ag teocht na mílte céimeanna.

Is í an chaoi a bhfuil JET éagsúil ná gurb í an áis taighde chomhleá is mó ar domhan í. Tá JET éagsúil chomh maith de bhrí gur féidir leis oibriú leis an mbreosla imoibritheora sa todhchaí, tritiam. Tá an taifead is fearr domhanda ag JET chomh maith de 16 MW cumhacht chomhleá. Tá JET iontach chun ábhair phlasma a thástáil chomh maith le téamh agus fréamhshamhail fháthmheasta faoi choinníollacha comhleá réalaíocha.

Cuireann an EFDA (European Fusion Development Agreement) an clár eolaíochta JET agus an iarracht Eorpach sa chomhleá go ginearálta i bhfeidhm agus comhordaíonn siad é chomh maith. Is é an comhpháirtí is mó atá ag an EFDA in Éirinn ná Comhlachas Euratom Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath lena bpáirtithe in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Corcaigh. Is é an láithreán gréasáin atá acu ná http://prl.dcu.ie a thugann eolas ginearálta ar chlár náisiúnta comhleá na hÉireann. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le Ms. Sarah Hayes trí ríomhphost; info@prl.dcu.ie.

Thug torthaí iontacha eolaíochta JET mar aon leis an saineolas a bailíodh in áis JET an deis don Eoraip ról tábhachtach a bheith aici i bpleananna d’áis níos mó a bheadh maoinithe ag an domhan, sin é an ITER a bheidh in ann b’fhéidir cumhacht chomhleá de 500-700MW a tháirgeadh. Is é an comhleá ceann de na misin eolaíochta is tábhachtaí agus is geallúnaí a raibh Éire agus a saineolaithe páirteach ann riamh.

Tógfar ITER in Cadarache i ndeisceart na Fraince, suíomh a bhí ina iarrthóir AE ina leith sin.

 

JET's Control Room

JET's Control Room

 

Split view of Torus

Split view of JET's torus, with and without plasma

 

Foinse Iain Radaimhinicíocht Fheidhmeach – ARIS – Córais phlasma de chúpláil ionduchtach ina bhfuil foinse feadáin tréleictreach sorcóireach agus réimsí idirleathadh/ian eastóscadh.

 

Foinse Iain Radaimhinicíocht Toilleasach – CIRIS – Córas plasma toilleasach a úsáidtear chun cinéiteach cheimiceach plasma hidrigine a fhiosrú.

 

   

Image Captions in English